Is é Droichead an próiseas nua comhtháithe ionduchtaithe do mhúinteoirí agus tá sé ar fáil do bhunmhúinteoirí agus d’iar-bhunmhúinteoirí araon.
Tá na próisis thraidisiúnta maidir le Promhadh, Fostaíocht Iar-cháilíochta agus Clár na gCeardlann Ionduchtaithe scortha nó ag teacht chun deiridh.
Tá sé tábhachtach a rá gurb é Droichead an t-aon bhealach ionduchtaithe do gach bunmhúinteoir agus iar-bhunmhúnteoir a cláraíodh ón 1 Meitheamh 2020.
Ba chóir do mhúinteoirí atá ag iarraidh eolas ar phróiseas Droichead cliceáil anseo
Ba chóir do mhúinteoirí atá ag iarraidh eolas ar Cheardlanna Ionduchtaithe cliceáil anseo
Ba chóir do mhúinteoirí atá ag iarraidh eolas ar Thacaíocht Scoile cliceáil anseo
Seol ceisteanna faoin bpróiseas traidisiúnta chuig
Chun go n-éireoidh leat mar mhúinteoir agus tú ag ullmhú, tá sé an-tábhachtach díriú roimh an cheacht ar an méid a bheidh le foghlaim ag na daltaí. Tacaíonn na hábhair sa roinn seo leat chun é sin a dhéanamh.
Tá treoirlínte, teimpléid agus pleananna samplacha ar fáil chun tacú le pleanáil sna ranganna príomhshrutha agus i ranganna speisialta/ suíomhanna príomhshrutha.
Tá Ceardlanna Ionduchtaithe NIPT, a éascaíodh roimhe seo i gcomhar le líonra ESCI, ar fáil anois ar líne amháin trí ardán foghlama an CNIM. Is féidir le MNC bunscoile agus iar-bhunscoile na ceardlanna seo a oscailt agus a bheith páirteach iontu ag am a oireann dóibh féin.
Tá Ceardlanna Ionduchtaithe ar oscailt do gach MNC chun tacú lena n-oiliúint ghairmiúil. Cé nach cuid riachtanach de phróiseas Droichead iad, úsáideann mórchuid MNCanna iad mar ghníomhaíocht bhreise foghlama gairmiúla.
Is féidir le MNCanna clárú do Cheardlanna Ionduchtaithe an CNIM anseo.