Picture Gaeilscoil Osrai   
Scoil Faoi Thrácht
Gaelscoil Osraí
Chill Chainnigh

_____________________



Dírítear ar scoileanna atá ag glacadh páirte sa tionscadal ionduchtaithe sa chuid seo den suíomh gréasáin ar a dtugtar ‘scoil faoi thrácht’. Dá mba mhian leat do scoil féin a bheith faoi thrácht anseo, téigh i dteagmháil le Suzanne Stone: suzanne.stone@spd.dcu.ie nó 01 884 2257. An scoil atá faoi thrácht againn i láthair na huaire ná Gaelscoil Osraí i gCill Chainnigh.

Pléann Seán Ó hArgáin, Príomhoide, Gaelscoil Osraí conas mar a oibríonn an NPPTI i Gaelscoil Osraí.

Tá fíor-thábhacht ag baint leis an scéim seo d'ár scoil. Tá cúigear múinteoir taréis leas a bhaint as le trí bliana anuas agus tá an beirt mhúinteoir a raibh mar chomhairleoirí againn go dtí seo taréis an t-uafás oibre a chur isteach ann agus an t-uafás foghlamtha acu agus agam féin dá réir.

Do na múinteoirí nua, is an-chabhair an Chomhairleoir as bheith ar an bhfoireann gur féidir le na múinteoirí nua-cháilithe teacht orthu i gcónaí ar an gceist is simplí nó casta a fhreagairt. Is gaol 'chara' atá ann agus cabhraíonn an scéim an bhearna idir an fhoireann sinsear agus daoine nua a thrasnú chomh maith.


Tuilleadh eolais ar Gaelscoil Osraí thíos.

 

Tuairimí an Phríomhoide ar an NPPTI