Slane NS Scoil Náisiúnta
Naomh Fiacc
An Ghráig,
Contae Cheatharlach


Dírítear ar scoileanna atá ag glacadh páirte sa tionscadal ionduchtaithe sa chuid seo den suíomh gréasáin ar a dtugtar ‘scoil faoi thrácht’. Dá mba mhian leat do scoil féin a bheith faoi thrácht anseo, téigh i dteagmháil le Suzanne Stone: suzanne.stone@spd.dcu.ie nó 01 884 2257. An scoil atá faoi thrácht againn i láthair na huaire ná Scoil Náisiúnta Naomh Fiacc, An Ghráig, Contae Cheatharlach

Scoil Chaitliceach uirbeach is ea scoil náisiúnta Naomh Fiacc, a bhfuil idir bhuachaillí agus chailíní ag freastal uirthi. Tá sí suite sa Ghráig, ar an teorainn idir contae Cheatharlach agus contae Laoise. Rinneadh scoil na mbuachaillí agus scoil na gcailíní a nascadh agus athosclaíodh an scoil i 1991. Tá breis agus 500 dalta sa scoil as níos mó ná fiche tír éagsúil. Is iad atá ar fhoireann na scoile ná an príomhoide, seisear múinteoirí is fiche, ceathrar cúntóirí riachtanas speisialta, rúnaí, foireann choimhdeach agus foireann an chláir um Chríochnú na Scoile

Tuilleadh faoi Scoil Náisiúnta Naomh Fiacc thíos

Baile