![]() |
Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig mBaile Sháine, Contae na Mí. |
Tuairimí an Mheantóra
Tá scoil náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Shláine, ag glacadh páirte sa Chlár Ionduchtaithe le trí bliana anuas. Mar mheantóir, is é an dualgas atá ormsa ná tacú lenár múinteoirí nua-cháilithe ar fad. Ní mór go mbraithfidís gur féidir leo teacht chun cainte liom chun ceist a chur, iarratas a dhéanamh, nó fadhb a phlé liom. Is duine mé a fhéachann leis an athrú ó mhac léinn go múinteoir a dhéanamh ábhairín níos fusa dóibh. Tá ag éirí go maith leis an gclár sa scoil seo againn mar go bhfuil tacaíocht iomlán na múinteoirí agus an phríomhoide agam. Bíonn na múinteoirí breá sásta a gcuid saineolais agus smaointe a roinnt leis na múinteoirí nua-cháilithe trí cheachtanna a léiriú agus trí thacú leo. Tá Liz, ár bpríomhoide, ann chun comhairle a chur orm agus cabhrú liom ó lá go lá. Is é an comhoibriú atá idir na grúpaí seo go léir is cúis le rath a bheith ar an gclár sa scoil. Post dúshlánach is ea an post seo, ach tá luach saothair dá chuid féin ag roinnt leis mar sin féin. Is minic a bhím in éad le díograis, fuinneamh agus smaointe nua na múinteoirí nua-cháilithe. Tá ciall cheannaithe ag gach duine againn!
Tuilleadh faoi Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig thíos
| Baile |
