![]() |
Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig mBaile Sháine, Contae na Mí. |
Tuairimí na Múinteoirí Nua-Cháilithe

Sarah McCabe (MNC 2010-2011)
Mar mhúinteoir nua-cháilithe, bhain mé an-tairbhe as an gClár Ionduchtaithe agus d’fhoghlaim mé an t-uafás uaidh sa chéad bhliain dom ag múineadh. Ar an iomlán, bhain mé an-taitneamh as. Tá rang a haon agam agus 28 dalta ann. B’oscailt súl dom an chéad cúpla mí sa rang, a bhí thar a bheith suimiúil! Caithfidh tú a bheith an-eagraithe agus smacht a bheith agat ar an uile ní a thiteann amach ann! Thaitin sé thar cionn liom taispeántais dhifriúla a dhéanamh gach seachtain agus chuir siad go mór le foghlaim na bpáistí freisin. Taithí an-dearfach is ea an taithí atá agam go dtí seo sa scoil.
Tá an fhoireann go hiontach; chuir siad fearadh na fáilte romham agus bhí siad i gcónaí toilteanach lámh chúnta a thabhairt dom sa chás go raibh aon fhadhbanna agam.
Bhí an meantóir thar barr ar fad. Thairg sí a lán cúnaimh agus tacaíochta. Thuig mé dá mbeadh aon rud uaim nach raibh le déanamh ach ceist a chur uirthise. Shocraigh sí am go bhféadfainn dul agus faire ar mhúinteoir eile ag múineadh ceachta. Bhí sé seo an-suimiúil agus agus fuair mé an-chuid smaointe nua dá bharr. Bhí cur chuige níos fearr agam i leith na múinteoireachta de thoradh air sin.
D’fhreastail mé ar na ceardlanna go léir ina raibh plé ar fhorbairt ghairmiúil. Ceardlanna ba ea iad sin a eagraíodh mar chuid den Chlár Ionduchtaithe agus is san ionad oideachais áitiúil a bhí siad ar siúl. Bhí an-chuid le foghlaim uathu agus chabhraigh siad liom scrúdú a dhéanamh ar gach gné de mo chuid múinteoireachta. Pléadh gach gné de bhliain phromhaidh an mhúinteora nua-cháilithe ag na ceardlanna seo, mar atá, pleanáil, measúnú, cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí, idirdhealú, bainistiú iompraíochta agus mar sin de. Phioc mé suas go leor smaointe nua sna seisiúin seo agus úsáidim cuid acu i mo rang anois. Deis a bhí iontu labhairt le múinteoirí nua-cháilithe eile agus taithí a roinnt leo sa tslí is go bhfoghlaimeoimis óna chéile.
Féachaim orm féin anois mar mhúinteoir eagraithe mar gheall ar an bpáirt atá glactha agam sa Chlár Ionduchtaithe. Tá a fhios agam nach bhfuil le déanamh anois agam ach seoladh de bharr na dtonn agus gan ligean dóibh mé a bhá! Táim in ann ceachtanna a ullmhú do na páistí anois, ach am a bheith agam dom féin ina dhiaidh sin. Ní raibh an oiread struis ann i mbliana agus a shíl mé a bheadh. Ceann de na cúiseanna leis sin ná nár bhraith mé riamh go raibh mé liom féin. Údar mór cabhrach dom ba ea an clár ionduchtaithe, gan trácht ar fhoireann na scoile - rud a d’fhág gur bhliain an-mhaith í an chéad bhliain agam!
Siobhán Fanning (MNC 2010-2011) |

Ruth Collins (MNC 2010-2011)
Córas tacaíochta den scoth is ea an Clár Ionduchtaithe do mhúinteoirí nua-cháilithe in aon scoil ar bith. Ní hamháin go bhfuaireas-sa an-tacaíocht agus an-mholadh ó mo mheantóir, ach bhí an príomhoide agus na múinteoirí ar fáil i gcónaí chun cabhrú liom agus a gcuid taithí a roinnt liom.
Fuaireas aiseolas áisiúil ón meantóir tar éis dó breathnú orm ag múineadh ranga. Bhí deis agam féin féachaint ar mhúinteoir eile i mbun ceacht a mhúineadh, rud a chabhraigh go mór liom, go háirithe i dtaca le bainistiú ranga.
Fuaireas neart smaointe de bharr na gceardlann, i ngeall ar chúrsaí pleanála, ar mheasúnú, idirdhealú, agus bainistiú ranga. Ní hamháin gur chabhraigh an clár meantóireachta seo liom mé a ullmhú le haghaidh chuairt an chigire, ach tharraing sé m’aird anuas ar straitéisí agus smaointe éifeachtacha is féidir liom a chur ag obair sa rang amach anseo.
Cuirtear líonra iontach tacaíochta ar fáil do dhuine tríd an gclár seo agus bhaineas an-taitneamh go deo as bheith páirteach ann. Mholfainn do chách páirt a ghlacadh ann.
Tuilleadh faoi Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig thíos
| Baile |

