![]() |
Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig mBaile Sháine, Contae na Mí. |
Dírítear ar scoileanna atá ag glacadh páirte sa tionscadal ionduchtaithe sa chuid seo den suíomh gréasáin ar a dtugtar ‘scoil faoi thrácht’. Dá mba mhian leat do scoil féin a bheith faoi thrácht anseo, téigh i dteagmháil le Suzanne Stone: suzanne.stone@spd.dcu.ie nó 01 884 2257. An scoil atá faoi thrácht againn i láthair na huaire ná Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Baile Sháine, Contae na Mí.
Bunscoil í Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig a bhfuil idir bhuachaillí agus chailíní ag freastal uirthi. Tá sí suite i mBaile Sháine, Contae na Mí. Tá 274 dalta sa scoil. Tá trí dhuine dhéag de mhúinteoirí an-díograiseacha againn agus beirt Chúntóirí Riachtanas Speisialta a oibríonn go dian. Toisc gur scoil sinn nach bhfuil ach i mbéal a forbartha, táimid ag fostú múinteoirí nua-cháilithe le roinnt blianta anuas. Mar sin, bhí ríméad orainn cuireadh a fháil páirt a ghlacadh sa Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe i 2008 agus táimid páirteach ann ó shin. Tá ár Leas-Phríomhoide, Mary Meade, tar éis dul faoi oiliúint mar Mheantóir agus oibríonn sí féin agus an chuid eile den fhoireann as lámha na Múinteoirí Nua-Cháilithe chun cabhrú leo sa phróiseas ionduchtaithe.
Tuilleadh faoi Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig thíos
| Baile |
