Treorlínte chun alt a scríobh ar Scoil Faoi Thrácht
Treoir Ghinearálta
Léigh faoin ‘Scoil Faoi Thrácht’ ar ár suíomh idirlín. Tá cartlann ann freisin, áit a bhfuil ailt scríofa ar scoileanna eile. Is fiú iad sin a léamh chomh maith.
Scríobh tuairim agus 1500 focal.
Bíodh na nithe seo a leanas san alt agat, más féidir é:
- grianghraif de ghníomhaíochtaí ionduchtaithe, de mheantóir, de phríomhoide, MNC
- grianghraif de thaispeántais sna seomraí ranga
- seoladh an tsuímh
Buneolas – cad atá le lua ann
- Cur síos gairid ar an scoil
- Fáthanna a bhfuil an scoil ag glacadh páirte sa tionscadal ionduchtaithe
- An fad atá an scoil ag glacadh páirte sa tionscadal
- A raibh i gceist leis an bpróiseas ionduchtaithe a chur ar bun sa scoil
- Gníomhaíochtaí Ionduchtaithe
Peirspictíocht an Mheantóra
Machnamh ar:
- a chinneadh dul faoi oiliúint mar mheantóir
- a chuid taithí
- forbairt ghairmiúil
- buntáistí agus dúshláin a bhaineann le bheith i do mheantóir
Peirspictíocht an Mhúinteora Nua-Cháilithe
Machnamh ar:
- chéad laethanta an mhúinteora sa scoil agus sa seomra ranga
- a chuid rannpháirtíochta sa tionscadal ionduchtaithe
- na gníomhaíochtaí ionduchtaithe is mó a chuaigh chun tairbhe dó
- a chuid forbartha gairmiúla mar MNC
Peirspictíocht an Phríomhoide
Machnamh ar:
- Ról an phríomhoide sa phróiseas ionduchtaithe
- An próiseas a chur ar bun sa scoil
- Ag tacú leis an meantóir
- Forbairt an phróisis ionduchtaithe sa scoil
Moltaí
Dá mbeadh an scoil seo againne páirteach sa phróiseas ionduchtaithe is éard a dhéanfaimis …
Dá mbeinnse le roinnt comhairle a chur ar mheantóir, mhúinteoir nó phríomhoide eile, is éard a déarfainn leis …
Ceisteanna a bhaineann leis an Teicneolaíocht
- Agus tú ag seoladh grianghraf, seol i bhfoirm jpeg iad, ar diosca nó i gceanglán ríomhphoist. Grianghraif a cheanglaítear de cháipéis word, is féidir fadhbanna go leor bheith ag roinnt leo agus tharlódh nach bhféadfaí iad a chur ar an suíomh idirlín.
- Maidir le grianghraif de pháistí, ní mór cead i scríbhinn a fháil óna dtuismitheoirí ar dtús sula gcuirtear in airde ar an suíomh iad. Tá foirm cheada ar fáil ach dul i dteagmháil le hoifig an NPPTI l: 01 884 2257 nó suzanne.stone@spd.dcu.ie
* Seol ailt de ríomhphost chugainn: suzanne.stone@spd.dcu.ie
* Uaireanta cuirfear an t-alt in eagar sula gcuirfear in airde ar leathanach an tsuímh é.
Tabhair do d’aire go mb’fhéidir go mbeadh orainn cuid den ábhar a sheoltar chugainn a chur in eagar. Cuirfear ar an eolas thú maidir le cibé athruithe a dhéanfar roimh a fhoilsiú.