Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir le scoil a bheith páirteach sa chlár?
Scoil ar bith ar spéis lena múinteoirí bheith páirteach sa tionscadal, téidís i dteagmháil le Suzanne ag Príomhoifig an Chláir Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí : Suzanne.Stone@spd.dcu.ie nó 01-8842257.
Iarrfar ar an scoil sin múinteoir atá sásta dul faoi oiliúint mar mheantóir a ainmniú. Freastalóidh an duine sin ar sheimineáir maidir le forbairt ghairmiúil mar chuid den Chlár Ionduchtaithe. Nuair a bheidh MNC ceaptha sa scoil, ba chóir don scoil dul i dteagmháil leis an oifig seo againne chun an ceapachán sin a chur in iúl dúinn. Déantar scoileanna a roghnú ag deireadh mhí Lúnasa, tús mhí Mheán Fómhair gach bliain. Cinneann Coiste Stiúrtha an tionscadail critéir le haghaidh na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa tionscadal a roghnú.
Cad leis a mbeifear ag súil uaim má chinnim glacadh le ról an mheantóra sa scoil agam?
Múinteoirí atá sásta feidhmiú mar mheantóirí, beidh orthu páirt a ghlacadh i gclár forbartha gairmiúla.
Gliogáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir le ról an mheantóra laistigh den Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe - Bunsnáithe
Is iad seo a leanas na réimsí a bheidh i gceist i gclár na forbartha gairmiúla ó thaobh oiliúna de:
- An Clár Ionduchtaithe a thuiscint – peirspictíocht teoiriciúla lena n-áirítear cúlraí náisiúnta agus idirnáisiúnta
- Céimeanna forbartha an mhúinteora a thuiscint – go háirithe an bhunchéim
- An Clár Ionduchtaithe a thuiscint – riachtanais na MNC, gnéithe den chlár ionduchtaithe
- Tréithe, caidrimh, ról agus freagrachtaí an mheantóra; ról an phríomhoide sa chlár ionduchtaithe agus ról an MNC sa chlár ionduchtaithe
- Céimeanna forbartha an mheantóra
- Bunscileanna meantóireachta e.g. scileanna éisteachta agus cumarsáide, ionbhá, breathnóireacht agus aiseolas, oiliúnú, ag leagan síos spriocanna, scileanna eile a bhaineann le hábhar
- Peirspictíocht an mheantóra – tuairimí meantóra rannpháirtigh
- Cur chuige na scoile iomláine i leith an Ionduchtaithe
- Ag ullmhú do theacht an MNC sa chéad bhliain
- Cleachtas machnamhach
Is é ról an mheantóra:
- Tacaíocht leanúnach a thabhairt don MNC i gcaitheamh na chéad bhliana aige ag múineadh
- Plean ionduchtaithe a chomhordú don MNC i gcomhar leis an bpríomhoide agus an MNC ar réimse leathan gníomhaíochtaí e.g. pleanáil, breathnóireacht, cómhúineadh, cruinnithe, etc.,
- Deiseanna a sholáthar i gcomhair piarfhoghlama, chun eolas agus cleachtas a roinnt agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas
- Féachaint chuige go mbeidh baint ag an scoil iomlán le hionduchtú na MNC sa scoil
- Freastal ar sheisiúin a bhaineann le forbairt ghairmiúil
Cad a dhéanfar sa chás nach dteastaíonn ó mhúinteoir dul faoi oiliúint mar mheantóir?
Mura féidir múinteoir a chur faoi oiliúint mar mheantóir i do scoilse, b’fhéidir go bhféadfaí nasc a dhéanamh le scoil eile sa chomharsanacht agus meantóir a aimsiú ansin. Déan teagmháil le hoifig an Chláir Náisiúnta Ionduchtaithe - Bunsnáithe i gcomhair tuilleadh eolais faoi seo.
An féidir le MNC dul isteach sa chlár i mí Dheireadh Fómhair? I mí na Nollag? Eanáir? Más féidir, cathain a thiocfaidh deireadh leis an mbliain ionduchtaithe?
I ndáiríre, ba chóir do MNC dul isteach sa chlár i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair ar a dhéanaí, d’fhonn lántairbhe a bhaint as an mbliain ionduchtaithe. Déan teagmháil le hoifig an Chláir Náisiúnta Ionduchtaithe - Bunsnáithe má thagann cásanna eile chun cinn nach bhfuiltear róchinnte faoina réiteach.
Ar chóir do MNC a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta sula dtugann siad faoin Ionduchtú?
Ba chóir. Ba chóir do gach MNC a bheith cláraithe leo.
Cén fhaid ba chóir do mheantóir feidhmiú mar mheantóir?
Moltar go bhfeidhmeodh meantóir mar mheantóir ar feadh trí bliana ar a laghad. Déantar meantóirí a roghnú ar leibhéal na scoile agus moltar go mbeadh cúig bliana de thaithí mhúinteoireachta ag daoine a chuireann isteach ar ról an mheantóra agus go mbeidís profa.
Ar chóir an Bord Bainistíochta agus tuismitheoirí a chur ar an eolas faoin tionscadal Ionuchtaithe?
Ba chóir. Is féidir litir a fháil uainne á rá go bhfuil a leithéid ar bun agus í a chur in oiriúint do chomhthéacs na scoile. Is féidir an litir, arb é is ábhar di ná rannpháirtíocht na scoile sa tionscadal, a sheoladh chuig tuismitheoirí más maith leis an bpríomhoide sin a dhéanamh.
Cén duine a dhéanann cineadh páirt a ghlacadh sa Chlár Ionduchtaithe?
Faoin scoil atá sé páirt a ghlacadh sa Chlár Ionduchtaithe. Má fhaigheann MNC post ar scoil atá ag glacadh páirte sa tionscadal, agus má shásaíonn sé critéir an Choiste Stiúrtha, tá cead aige bheith páirteach sa chlár láithreach bonn.
An féidir le MNC gan bacadh le gnéithe áirithe den Chlár Ionduchtaithe?
Is é ról an mheantóra an clár ionduchtaithe a éascú sa scoil i gcomhar leis an bpríomhoide. Tá liosta den Chlár Ionduchtaithe sa treoircháipéis Treoir don Ionduchtú agus Meantóireacht sa Bhunscoil. An meantóir, i gcomhar leis an bPríomhoide, an duine a chuirfidh an plean ionduchtaithe le chéile. Mar chuid den phlean sin, beidh deis ag MNC ranganna eile sa scoil sin nó i scoil eile a fhaire. Beidh deis ag an meantóir an MNC a fhaire freisin agus labhairt leis faoi mhúineadh agus foghlaim.