Cúrsaí Creidiúnaithe
Tá dhá chúrsa creidiúnaithe sa mheantóireacht in Éirinn faoi láthair atá dírithe ar bhunmhúinteoirí. Féach a bhfuil thíos i gcomhair tuilleadh eolais.
Teastas Iarchéime/Dioplóma agus MOid i bhForbairt an Mhúinteora
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Tá an Teastas Iarchéime seo dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh iad féin a fhorbairt mar mhúinteoirí agus mar mheantóirí ag múinteoirí eile, go háirithe múinteoirí nua-cháilithe. Tá ceithre mhodúl ann:
- Cleachtas Gairmiúil
- Oideachas Meantóra
- Múineadh, foghlaim agus measúnú
- Foghlaim ghairmiúil chomhoibríoch
Dioplóma Iarchéime i bhForbairt an Mhúinteora
Déantar forbairt sa Dioplóma Iarchéime ar an eolas gairmiúil a múineadh sa Teastas Iarchéime. Daoine a bhfuil ról acu maidir le tacú le forbairt ghairmiúil múinteoirí - mar shampla, seirbhísí tacaíochta scoile – cuirfidh siadsan spéis sa chúrsa seo chomh maith. Iad siúd a chríochnóidh an Dioplóma Iarchéime go sásúil, beidh cead acu dul ar aghaidh agus Céim Mháistir a dhéanamh. Tá ceithre mhodúl ann:
- Idirghníomhú cainte agus foghlaim ghairmiúil
- Foghlaim ghairmiúil trí thaighde feidhmeach
- Dearadh curaclaim, forbairt churaclaim agus meastóireacht churaclaim
- Ceannaireacht agus foghlaim
MOid i bhForbairt an Mhúinteora
Mic léinn a bhainfidh critéir éachta amach, beidh cead acu dul ar aghaidh go bliain a trí agus rang an MOid. Beidh ar mhic léinn tionscadal taighde substaintiúil a dhéanamh ar ghné ar leith d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí chun na critéir a chomhlíonadh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Cathal de Paor, Stiúrthóir na Fobartha Gairmiúla Leanúnaí,
Coláiste Mhuire Gan Smál ag an seoladh cathal.depaor@mic.ul.ie nó glaoigh ar 061-204950. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín: www.cpd.mic.ul.ie
Teastas/Dioplóma san Oideachas
(Comhairle agus Oiliúint a chur ar Mhúinteoirí Nua-Cháilithe)
Coláiste Phádraig
Sa Teastas/Dioplóma san Oideachas (Comhairle agus Oiliúint a chur ar Mhúinteoirí Nua-Cháilithe) i gColáiste Phádraig, cuirtear cloch cheangail le bunsraith chlár oilúna na meantóirí atá mar chuid den Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí Nua-Cháilithe. Tá fáilte roimh iarratais ó mheantóirí atá ag glacadh páirte sa chlár nó a bhfuil páirt glactha acu ann le bliain anuas. Tugtar deis do mheantóirí staidéar iarchéime (30 ECTS ar Leibhéal 9) a chur díobh in imeacht dhá bhliain. Cúrsa páirtaimseartha atá ann.
Tá seimineáir, seisiúin phlé ar líne, agus tascanna gearra mar chuid den chlár. Is de réir modúl atá sé curtha le chéile agus is gá do dhuine ceithre mhodúl, ar fiú cúig chreidiúint iad, a dhéanamh chun an Teastas a bhaint amach agus deich modúl sa bhreis air sin chun an Dioplóma iomlán a bhaint amach. Tá an cúrsa creidiúnaithe ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Seo a leanas cuid de na ceisteanna a ndéantar scagadh orthu sa chlár:
- Peirspictíochtaí teoirice ar an meantóireacht
- Meantóireacht agus féiniúlacht
- Meantóireacht agus múineadh
- Measúnú, taifeadadh agus tuairisciú
- Cleachtas machnamhach
- Múnlaí meantóireachta agus staidéir chomparáideacha
- Ceisteanna criticiúla maidir leis an meantóireacht i gcomhthéacs na hÉireann
- Fiosrú criticiúil ar phróiseas na meantóireachta
Téitear i ngleic le réiteach fadhbanna mar chuid de chur chuige an fhiosrú agus tá an t-ábhar solúbtha sa chaoi is gur féidir é a chur in oiriúint do riachtanais foghlama na rannpháirtithe. Is féidir le duine dul ar aghaidh ón gcúrsa seo go Máistreacht san Oideachas, a reáchtáiltear i gColáiste Phádraig, ach an chéim chun cinn sin a bheith faoi réir téarmaí agus coinníollacha áirithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcúrsa, déan teagmháil le Regina Murphy, Stiúrthóir na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC 9 ag an seoladh regina.murphy@spd.dcu.ie nó glaoigh ar 01 884 2048.