An Meantóir

Dar le Odell agus Huling, is éard is meantóireacht ann ná ‘cleachtadh gairmiúil a tharlaíonn i gcomhthéacs na múinteoireachta aon uair a thugann múinteoirí a bhfuil taithí acu tacaíocht, dúshláin nó treoir do mhúinteoirí nua-thosaithe agus iad ag gabháil do chleachtadh múinteoireachta.’ Odell and Huling (2000, p.xv) ón leabhar ‘Cultivating High Quality Teaching Through Induction and Mentoring’. Carol A. Bartell, Corwin Press, 2005, lch.90

Is éard is meantóir ann ná múinteoir a bhfuil taithí aige a fhéachann le tacú le forbairt ghairmiúil múinteora nua-cháilithe (NQT).

Múinteoirí ar mian leo bheith ina meantóirí, moltar:

  • go mbeadh, ar a laghad, cúig bliana de thaithí múinteoireachta acu
  • go mbeidís promhaithe
  • go mbeidís ainmnithe ag an scoil seo acu le gabháil don mheantóireacht

An cur síos atá ag MNC ar mheantóir ná duine a bhfuil sé éasca dul chun cainte leis, duine a éisteann leat, atá ionbháúil, iontaobhach, oscailte agus sásta tú a theorú, dúshlán a thabhairt duit agus comhairle a chur ort. Dar le Odell and Huling (2000 arna lua in Bartell 2005), ba chóir do mheantóir:

  • a bheith tiomanta do bheith ag staidéar agus ag forbairt a chleachtais féin
  • a bheith ábalta ceachtanna léirithe a thabhairt
  • a bheith ábalta oibriú le daoine fásta ó chúlraí éagsúla
  • a bheith tuisceanach ar thuairimí daoine eile
  • a bheith tiomanta do chleachtas eiticiúil
  • a bheith tiomanta do thacaíocht ghairmiúil agus tacaíocht mhothúchánach a thabhairt do dhaoine
  • a bheith ar an eolas maidir lena chuid freagrachtaí féin agus roinnt blianta de thaithí mhúinteoireachta a bheith aige


Ról an Mheantóra:

  • Tacaíocht phearsanta, ghairmiúil agus oideolaíoch a thabhairt do mhúinteoirí nua-cháilithe i gcaitheamh na chéad bhliana teagaisc seo acu
  • Plean ionduchtaithe a chomhordú don mhúinteoir             nua-cháilithe, i gcomhar leis an bpríomhoide agus leis an múinteoir nua-cháilithe féin, lena n-áirítear réimse gníomhaíochtaí ionduchtaithe atá scoilbhunaithe e.g. pleanáil, breithniú, cómhúineadh, cruinnithe, etc.
  • Deiseanna a chur ar fáil chun piarfhoghlama, roinnt eolais agus cleachta, agus machnaimh ar chleachtadh
  • Rannpháirtíocht na scoile iomláine maidir le hionduchtú múinteoirí nua-cháilithe sa scoil a chur chun cinn
  • Freastal ar sheisiúin forbartha gairmiúla


Múinteoirí atá sásta feidhmiú mar mheantóirí do mhúinteoirí nua-cháilithe, caithfidh siad páirt a ghlacadh i gclár gairmiúil trí lá nó i gcúrsa samhraidh, chun iad féin a ullmhú don ról. Is iondúil go mbíonn an bunchlár oiliúna úd ar siúl sula nglacann an meantóir a ról nua chuige féin. Ní mór freastal ar gach ceann de sheisiúin an chláir forbartha.

Tá oiliúint sna réimsí seo a leanas sa chlár:

  • Tuiscint ar ionduchtú – peirspictíochtaí teoiriciúla, lena n-áirítear cúlraí idirnáisiúnta agus náisiúnta
  • Tuiscint ar Céimeanna Forbartha an Mhúinteora – go háirithe céim an ionduchtaithe
  • Tuiscint ar an gClár Ionduchtaithe – riachtanais na MNC, gnéithe den Chlár Ionduchtaithe
  • Tréithe meantóra, caidrimh, ról agus freagrachtaí meantóra; ról an phríomhoide agus ról an MNC sa chlár ionduchtaithe
  • Céimeanna forbartha an mheantóra
  • Bunscileanna na meantóireachta e.g. scileanna éisteachta agus cumarsáide, ionbhá, breathnóireacht agus aiseolas, oiliúint, ag leagan síos spriocanna, scileanna eile a bhaineann le hábhar
  • Cur chuige na scoile iomláine i leith an Ionduchtaithe
  • Ag ullmhú don MNC sa chéad bhliain
  • Cleachtas machnamhach

Is minic a thagraíonn meantóirí don tairbhe a bhaineann siad as a bheith ag obair i gcomhar le Múinteoirí Nua-Cháilithe: ''Bíonn smaointe nua ag meantóirí maidir le curaclaim agus múineadh de bharr a bheith ag obair i gcomhar le múinteoirí nua. Spreagtar iad  le machnamh a dhéanamh ar a gcuid taithí agus a gcuid tuairimí maidir le múineadh agus foghlaim.'' Ganser (1997 cited in Teachers Matter OECD 2005)

Tabhair do d’aire go bhfuil fairsingiú an chláir agus leithdháileadh am scaoilte faoi réir ceada ón ROS.