Sa Chlár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí, féachtar le tacaíocht a thabhairt do bhunmhúinteoirí nua-cháilithe (MNC) agus iad á n-ionduchtú. Is é príomhchuspóir an ionduchtaithe ná forbairt ghairmiúil MNC a chur chun cinn trí thacaíocht chórasach a thabhairt dóibh agus iad ag tabhairt faoin gcéad bhliain mhúinteoireachta. Fágann an tacaíocht sin go mbíonn bunchlocha leagtha le haghaidh tuilleadh fáis ghairmiúil agus tuilleadh forbartha. Is é an cur síos atá ag Wong (2004) ar ionduchtú: ‘a comprehensive, coherent, and sustained professional development process aimed to train, support and retain new teachers and represents the first part of a lifelong professional development programme’.
Ceann na rudaí is tábhachtaí a bhaineann leis an gclár is ea teacht a bheith ag an MNC ar mheantóir ar scoil. Daoine iad meantóirí a bhfuil taithí na mblianta acu agus atá promhaithe freisin. Tá, ar a laghad, cúig bliana de thaithí acu agus tá siad dulta faoi oiliúint ghairmiúil chomh maith i dtreo is go mbeidh siad in ann ról an mheantóra a chomhlíonadh. Cé go moltar cur chuige iomlán scoile a bheith ann i dtaca le múinteoirí
nua-cháilithe, tá fíorthábhacht ag baint le ról an mheantóra laistigh den chomhthéacs iomlán scoile chomh fada is a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoir nua-cháilithe. Tuigeann múinteoirí nua-cháilithe a thábhachtaí atá sé duine ‘a bheith ar fáil dóibh’ sa chéad bhliain teagaisc s’acu. Is duine é an meantóir ar féidir leis an múinteoir dul chun cainte leis agus tacaíocht phearsanta, ghairmiúil nó oideolaíoch a fháil uaidh le linn na chéad bhliana fíorthábhachtaí úd.
MNC atá ag glacadh páirte sa tionscadal, is mór acu na gníomhaíochtaí scoilbhunaithe seo a leanas: cruinnithe leis an meantóir, am pleanála, breathnóireacht ar mhúinteoirí i mbun múinteoireachta, nascáil leis na Seirbhísí Náisiúnta, breathnóireacht agus aiseolas, agus gníomhaíochtaí eile ionduchtaithe a bhaineann le hábhar. Cuirtear seisiúin ar an bhforbairt ghairmiúil ar fáil do MNC, do mheantóirí agus do phríomhoidí i rith na bliana freisin.
Glactar leis go forleathan go rachaidh sé chun tairbhe scoileanna mar institiúidí foghlama san fhadtéarma pobail láidir ghairmiúla foghlama a chothú trí chláir mar an Clár Ionduchtaithe a chur ar bun.
''Creating a structure that allows experienced teachers to work with novice teachers and that acknowledges their expertise will ultimately strengthen the overall organisation, including retaining good practitioners in the classroom.'' (Teachers Matter OECD 2005)