Teachtaireacht ón gComhordaitheoirí



Billy Redmond
National Co-ordinator
(Post-Primary)
Tel: 087 414 8556             
Email: billy.redmond@spd.dcu.ie








Mary Burke
National Co-ordinator (Primary)
Tel:01 884 2288    
Mobile: 086 813 0997    
Email: mary.burke@spd.dcu.ie

Fáilte romhat chuig suíomh gréasáin an Chláir Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí. Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as an suíomh seo. Más múinteoir nua-cháilithe thú, ba bhreá linn cloisteáil uait agus ba mhór againn do chuid smaointe, moltaí agus tuairimí ar na nithe a d’fhéadfadh cabhrú leat agus tú i mbun do chéad bhliana ag múineadh.


Ba mhaith linn aird ar leith a tharraingt ar obair iontach na n-oidí múinte, nó na meantóirí, sna scoileanna. Is iad na meantóirí céanna a thabharfaidh cabhair agus tacaíocht duit le linn na chéad bhliana s’agat i mbun do chúraim nua.

Is mór againn, leis, an chabhair agus an tacaíocht a thug an príomhoide agus na baill foirne scoile duit chun cabhrú leat stádas ‘múinteoir nuacháilithe’ a bhaint amach. Is mór idir é agus ‘múinteoir faoi oiliúint’ agus ba dheacair an stádas sin a bhaint amach dá n-uireasa.

Beidh seisiúin á reáchtáil againn i gcaitheamh na bliana in Ionaid Oideachais ar fud na tíre ar na toipicí seo a leanas:

  • Is múinteor mise anois...ón chóláiste go dtí an seomra ranga
  • Riaradh agus Eagrú Seomra Ranga
  • Pleanáil agus Ullmhúchán
  • Ag Obair le Tuismitheoirí
  • Idirdhealú
  • Measúnú
  • Múineadh na Léitheoireachta
  • Smachtú

Tá fáilte roimh gach múinteoir nua-cháilithe freastal ar na seisiúin seo agus is féidir leat clárú trí dhul i dteagmháil leis an Ionad Oideachais is cóngaraí duitse. Cuirfimid eolas in airde ar ár láithreán gréasáin maidir le hionaid, dátaí agus amanna na modúl go léir sna hIonaid Oideachais éagsúla.

Coinnigh súil ar na taispeántais ranga agus na pleananna seachtaine atá seolta isteach ag múinteoirí nua-cháilithe. Is mian linn ábhar a fháil ó na múinteoirí céanna. Má tá plean seachtaine agat féin i gcomhair ceachtanna atá déanta sa rang agat agus gur mhian leat é a roinnt le múinteoirí nua-cháilithe eile, seol ríomhphost chugainn ag weeklyplans@spd.dcu.ie Is mór is fiú duit súil a chaitheamh ar na treoracha pleanála atá ar an suíomh, mar go bhfuil eolas ann ar conas pleanáil ar shlí éifeachtach thairbheach sa chéad bhliain mhúinteoireachta.

Má bhíonn ceist agat nó tuairim ar bith agat ar mhian leat é a nochtadh, cuir ríomhphost chugam ag an seoladh mary.burke@spd.dcu.ie

Go n-éirí an t-ádh libh go léir!


Máire de Búrca